Registry
Module Specifications
Archived Version 2020 - 2021
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar an mbéaloideas agus ar nuafhilíocht na Gaeilge a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar 1) Caitheamh Aimsire na nGael, agus 2; Nuafhilíocht na Gaeilge. Díreofar ar dtús ar an tórramh mar ócáid shamplach don chaitheamh aimsire agus déanfar plé ar na cluichí a bhíodh á n-imirt ag an tórramh agus ar an gcaointeoireacht. Déanfar anailís freisin ar ghnéithe eile de na caithimh aimsire a bhíodh á gcleachtadh go forleathan ag an tórramh, ag féilte na bliana agus i ngnáthshaol na ndaoine – an amhránaíocht, an ceol, an damhsa agus an scéalaíocht. Déanfar mionstaidéar liteartha agus teanga ar chnuasach téamúil le filí comhaimseartha éagsúla freisin. Féachfar ar thionchar an traidisiúin ar fhilí comhaimseartha na Gaeilge agus pléifear na díospóireachtaí critice faoi chúrsaí leanúnachais agus nuála i bhfilíocht an fichiú haois. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar dhánta le filí éagsúla ar théamaí óige, grá agus caidrimh agus trí scrúdú ar leith a dhéanamh ar shaothar nuafhilí faoi leith. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon leathan acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanach LOOP an chúrsa. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Cur síos a dhéanamh ar an gcineál caitheamh aimsire a bhíodh in Éirinn sa seansaol. 2. Feidhm agus comhthéacs na siamsaíochta a mhíniú. 3. Dánta le filí comhaimseartha na Gaeilge a léamh go tuisceanach agus a léirmhíniú. 4. Ábhar ó thraidisiún liteartha agus ó thraidisiún béil na Gaeilge atá ar chúl dánta comhaimseartha a aithint agus a phlé. 5. Téamaí na ndánta a cheangal le hábhar ó chúrsaí eile atá ar siúl ag na mic léinn. 6. Téarmaí na critice liteartha agus an bhéaloidis a láimhseáil go cruinn. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities Cur síos gontaScrúdú ar chomhthéacs caitheamh aimsire agus siamsaíochta an tórraimh; anailís ar na cluichí don tórramh; iniúchadh ar thraidisiún na caointeoireachta; mionscrúdú ar na traidisiúin a bhain le féilte na bliana; anailís ar thraidisiún na hamhránaíochta, an cheoil agus an damhsa i gcomhthéacs an tórraimh agus na bhféilte; mionléamh ar dhánta le filí a bpléifear a saothar i rith an mhodúil; scrúdú ar theanga agus ar theicnící liteartha na saothar; anailís ar chomhthéacs beathaisnéiseach, stairiúil agus cultúrtha na ndánta; iniúchadh ar thionchar an traidisiúin ar fhilí comhaimseartha na Gaeilge; iniúchadh ar na díospóireachtaí critice faoi chúrsaí leanúnachais agus nuála i bhfilíocht an fichiú haois. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources None | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|