DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Registry

Module Specifications

Archived Version 2021 - 2022

Module Title
Module Code
School

Online Module Resources

NFQ level 8 Credit Rating 5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Description

Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar an mbéaloideas agus ar nuafhilíocht na Gaeilge a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar 1) Caitheamh Aimsire na nGael, agus 2; Nuafhilíocht na Gaeilge. Díreofar ar dtús ar an tórramh mar ócáid shamplach don chaitheamh aimsire agus déanfar plé ar na cluichí a bhíodh á n-imirt ag an tórramh agus ar an gcaointeoireacht. Déanfar anailís freisin ar ghnéithe eile de na caithimh aimsire a bhíodh á gcleachtadh go forleathan ag an tórramh, ag féilte na bliana agus i ngnáthshaol na ndaoine – an amhránaíocht, an ceol, an damhsa agus an scéalaíocht. Déanfar mionstaidéar liteartha agus teanga ar chnuasach téamúil le filí comhaimseartha éagsúla freisin. Féachfar ar thionchar an traidisiúin ar fhilí comhaimseartha na Gaeilge agus pléifear na díospóireachtaí critice faoi chúrsaí leanúnachais agus nuála i bhfilíocht an fichiú haois. Déanfar scileanna léitheoireachta agus léirmhínithe na mac léinn a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar dhánta le filí éagsúla ar théamaí óige, grá agus caidrimh agus trí scrúdú ar leith a dhéanamh ar shaothar nuafhilí faoi leith. Chomh maith leis na léachtaí, beidh fáil ag na mic léinn ar raon leathan acmhainní foghlama ilmheáin ar leathanach LOOP an chúrsa.

Learning Outcomes

1. Cur síos a dhéanamh ar an gcineál caitheamh aimsire a bhíodh in Éirinn sa seansaol.
2. Feidhm agus comhthéacs na siamsaíochta a mhíniú.
3. Dánta le filí comhaimseartha na Gaeilge a léamh go tuisceanach agus a léirmhíniú.
4. Ábhar ó thraidisiún liteartha agus ó thraidisiún béil na Gaeilge atá ar chúl dánta comhaimseartha a aithint agus a phlé.
5. Téamaí na ndánta a cheangal le hábhar ó chúrsaí eile atá ar siúl ag na mic léinn.
6. Téarmaí na critice liteartha agus an bhéaloidis a láimhseáil go cruinn.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Lecture22Léachtaí
Independent Study53Staidéar neamhspleách
Independent Study50Léitheoireacht
Total Workload: 125

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Cur síos gonta
Scrúdú ar chomhthéacs caitheamh aimsire agus siamsaíochta an tórraimh; anailís ar na cluichí don tórramh; iniúchadh ar thraidisiún na caointeoireachta; mionscrúdú ar na traidisiúin a bhain le féilte na bliana; anailís ar thraidisiún na hamhránaíochta, an cheoil agus an damhsa i gcomhthéacs an tórraimh agus na bhféilte; mionléamh ar dhánta le filí a bpléifear a saothar i rith an mhodúil; scrúdú ar theanga agus ar theicnící liteartha na saothar; anailís ar chomhthéacs beathaisnéiseach, stairiúil agus cultúrtha na ndánta; iniúchadh ar thionchar an traidisiúin ar fhilí comhaimseartha na Gaeilge; iniúchadh ar na díospóireachtaí critice faoi chúrsaí leanúnachais agus nuála i bhfilíocht an fichiú haois.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment% Examination Weight%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
Unavailable
Indicative Reading List

  • Breathnach, Breandán: 1989, Ceol agus Rince na hÉireann, An Gúm, Baile Átha Cliath,
  • Brennan, Helen: 1999, The Story of Irish Dance, Mount Eagle Publications Ltd, Dingle,
  • Danaher, Kevin: 1972, The Year in Ireland, Mercier Press, Cork,
  • Mac Amhlaigh, Liam & Caoimhín Mac Giolla Léith (eag.): 2012, Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán,
  • Nic Eoin, Máirín (eag.): 2010, Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh [Eagrán úr méadaithe 2010], Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ní Fhrighil, Rióna (eag.): 2010, Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, Cois Life, Baile Átha Cliath,
  • Ó Héalaí, Pádraig & Ó Tuairisg, Lochlainn: 2007, Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne, An Sagart, An Daingean (117-128),
  • Ó Madagáin, Breandán: 0, 'Functions of Irish folk song in the nineteenth century’ in Béaloideas, 53, 130-216,
  • Ó Ríordáin, Seán: 2011, Na Dánta, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán,
  • Ó Súilleabháin, Seán: 1980, Caitheamh Aimsire ar Thórraimh, An Clóchomhar, Baile Átha Cliath,
Other Resources

None
Programme or List of Programmes
Archives: