DCU Home | Our Courses | Loop | Registry | Library | Search DCU

Registry

Module Specifications

Archived Version 2019 - 2020

Module Title
Module Code
School

Online Module Resources

NFQ level 8 Credit Rating 2.5
Pre-requisite None
Co-requisite None
Compatibles None
Incompatibles None
Description

Cúrsa teanga d'ábhair oidí sa dara bliain, bunaithe ar leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Eorpach do Theangacha, atá sa chúrsa seo. Is é príomhchuspóir an chúrsa seo ná inniúlachtaí na mac léinn a fhorbairt sa chaoi go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go saoráideach, go háirithe i gcomhthéacs a gcuid dualgaisí mar ábhair oidí. Cuirtear ar chumas na mac léinn an teanga a labhairt níos saoráidí fós mar theanga chaidrimh agus léinn agus í a úsáid gan mórán stró mar theanga a ngairme. Déantar leathnú ar an stór focal agus cuirtear leis an líofacht trí mheán na cainte, na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na héisteachta. Féachtar le cruinneas maith a bhaint amach i dtaca le gramadach agus litriú na Gaeilge. Tá sé i gceist freisin go gcothóidh an cúrsa feasacht teanga agus feasacht chultúrtha na mac léinn agus go spreagfaidh sé iad leis an nGaeilge a úsaid go neamhspleách mar theanga chaidrimh taobh amuigh de na ranganna sceidealaithe.

Learning Outcomes

1. Tuiscint mhaith a léiriú ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
2. Tarraingt ar a thuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid cainte.
3. Páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá agus straitéisí a úsáid chun déileáil le heasnaimh teanga sa scríobh agus sa chaint.
4. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí.
5. Stór focal a leathnú agus a shaibhriú, éagsúlacht áirithe a léiriú agus athrá rialta a sheachaint sa chaint agus sa scríobh.
6. Téacsanna caighdeánacha a thuiscint gan mórán stró agus tuiscint shásúil a léiriú ar réimse leathan téacsanna eile.



Workload Full-time hours per semester
Type Hours Description
Seminars22Ranganna Teagaisc
Independent Study40.5Ábhar criticiúil / aistí / suímh idirlín / ullmhúchán don scrúdú
Total Workload: 62.5

All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml

Indicative Content and Learning Activities

Ábhar Táscach
Tá an cúrsa teanga seo bunaithe ar théacsanna dílse (idir théacsanna clóite, théacsanna éisteachta agus théacsanna físe) dírithe ar thopaicí a bhaineann le saol agus timpeallacht an mhic léinn B Oid agus le cúrsaí teanga, spóirt agus litríochta: Saol an mhic léinn; Litríocht do pháistí; Foghlaim Teangacha; Pearsana spóirt; Gaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta; Scéalta bleachtaireachta. Scrúdaítear gnéithe ar leith den ghramadach, de réir mar a thagann siad chun cinn sna téacsanna sin, agus déantar struchtúir ar leith agus stór focal a chleachtadh. Faoi stiúir an teagascóra ranga, tugann mic léinn faoi thascanna éagsúla teanga bunaithe ar na téacsanna dílse. Pléitear agus déantar cleachtadh ar na struchtúir ghramadaí agus na réimsí foclóra a theastaíonn chun na tascanna a chur i gcrích agus oiltear an mac léinn in úsáid éifeachtach foinsí tagartha Gaeilge ar nós foclóirí, foinsí eolais faoin ngramadach, agus foinsí tagartha ar líne. Tugtar deiseanna don mhac léinn a scileanna cainte a chleachtadh trí obair phéire agus obair ghrúpa sa rang.

Assessment Breakdown
Continuous Assessment% Examination Weight%
Course Work Breakdown
TypeDescription% of totalAssessment Date
Reassessment Requirement
Resit arrangements are explained by the following categories;
1 = A resit is available for all components of the module
2 = No resit is available for 100% continuous assessment module
3 = No resit is available for the continuous assessment component
Unavailable
Indicative Reading List

  • Mac Murchaidh, Ciarán: 2016, Cruinnscríobh na Gaeilge, 6, Cois LIfe, Baile Átha Cliath, 9781907494765
Other Resources

35790, website, 0, www.teanglann.ie, 35791, website, 0, www.tearma.ie, 35792, website, 0, www.teagascnagaeilge.ie,
Programme or List of Programmes
Archives: