Registry
Module Specifications
Archived Version 2020 - 2021
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Description Cúrsa teanga d'ábhair oidí sa dara bliain, bunaithe ar leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Eorpach do Theangacha, atá sa chúrsa seo. Is é príomhchuspóir an chúrsa seo ná inniúlachtaí na mac léinn a fhorbairt sa chaoi go mbeidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go saoráideach, go háirithe i gcomhthéacs a gcuid dualgaisí mar ábhair oidí. Cuirtear ar chumas na mac léinn an teanga a labhairt níos saoráidí fós mar theanga chaidrimh agus léinn agus í a úsáid gan mórán stró mar theanga a ngairme. Déantar leathnú ar an stór focal agus cuirtear leis an líofacht trí mheán na cainte, na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na héisteachta. Féachtar le cruinneas maith a bhaint amach i dtaca le gramadach agus litriú na Gaeilge. Tá sé i gceist freisin go gcothóidh an cúrsa feasacht teanga agus feasacht chultúrtha na mac léinn agus go spreagfaidh sé iad leis an nGaeilge a úsaid go neamhspleách mar theanga chaidrimh taobh amuigh de na ranganna sceidealaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Learning Outcomes 1. Tuiscint mhaith a léiriú ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile. 2. Tarraingt ar a thuiscint ar bhunstruchtúir na teanga chun struchtúir chruinne a chur ar fáil go réasúnta leanúnach ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid cainte. 3. Páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthchomhrá agus straitéisí a úsáid chun déileáil le heasnaimh teanga sa scríobh agus sa chaint. 4. Déileáil le téarmaíocht na gramadaí go muiníneach cumasach agus eolas a aimsiú i bhfoinsí tagartha cuí. 5. Stór focal a leathnú agus a shaibhriú, éagsúlacht áirithe a léiriú agus athrá rialta a sheachaint sa chaint agus sa scríobh. 6. Téacsanna caighdeánacha a thuiscint gan mórán stró agus tuiscint shásúil a léiriú ar réimse leathan téacsanna eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
All module information is indicative and subject to change. For further information,students are advised to refer to the University's Marks and Standards and Programme Specific Regulations at: http://www.dcu.ie/registry/examinations/index.shtml |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Content and
Learning Activities Ábhar TáscachTá an cúrsa teanga seo bunaithe ar théacsanna dílse (idir théacsanna clóite, théacsanna éisteachta agus théacsanna físe) dírithe ar thopaicí a bhaineann le saol agus timpeallacht an mhic léinn B Oid agus le cúrsaí teanga, spóirt agus litríochta: Saol an mhic léinn; Litríocht do pháistí; Foghlaim Teangacha; Pearsana spóirt; Gaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta; Scéalta bleachtaireachta. Scrúdaítear gnéithe ar leith den ghramadach, de réir mar a thagann siad chun cinn sna téacsanna sin, agus déantar struchtúir ar leith agus stór focal a chleachtadh. Faoi stiúir an teagascóra ranga, tugann mic léinn faoi thascanna éagsúla teanga bunaithe ar na téacsanna dílse. Pléitear agus déantar cleachtadh ar na struchtúir ghramadaí agus na réimsí foclóra a theastaíonn chun na tascanna a chur i gcrích agus oiltear an mac léinn in úsáid éifeachtach foinsí tagartha Gaeilge ar nós foclóirí, foinsí eolais faoin ngramadach, agus foinsí tagartha ar líne. Tugtar deiseanna don mhac léinn a scileanna cainte a chleachtadh trí obair phéire agus obair ghrúpa sa rang. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Indicative Reading List
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Other Resources 41009, website, 0, www.teanglann.ie, 41010, website, 0, www.tearma.ie, 41011, website, 0, www.teagascnagaeilge.ie, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Programme or List of Programmes | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Archives: |
|